Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil


Maolra Seoighe (Pictiúir a glacadh ag an bpriosún 1882)

Clár

Baile Home

Plé i Westminster 1882-1885

Nuachtáin
James Joyce
Tim Healy

Pictúirí/Pictures

Mapaí/Maps

Cartlann/Archive

Comóradh 2012
(Nóta Buíochas, Pictiúirí & tuairiscí/Acknowledements, Reports & Pictures)

Filíocht, Amhráin & Ceol
Poetry, Songs and Music

M'athair: Maolra Seoighe

Is mé 's sine de chúigear clainne, 's tá an séú duine ar an mbealach,
Ach ní bheith daidí an té sin in ann go deo é a bhréagadh ar an teallach,
Chroch siad é i nGaillimh inné de bharr mionnaí bréagacha salach
'S tá mo mháthair bhocht 'silt deora anocht (ag) iarradh a pian a chur i bhfolach.

Céard a dhéanfaidh sí de lo 's d'oích ach a bheith go siorraí smaoineamh
Ar ghrá a céille, croí na féile agus scoth na bhfear imeasc daoine,
Nar fhága gann a bhean ná a chlann, ach a chur le stór a mhaoine
Atá anois ar lár, 's a chorp ar chlár, cén t-iontas mé bheith 'caoineadh.

Sínte ar a leaba a bhí mo dhaidí nuair a déanadh an marú
Ní smaoineodh choíche, dhul de shúil oíche trasna ar thalamh garbh,
Le creach shaolta a dhéanamh ar ghaolta, de bharr eallach, ban ná tarbh,
Mo chrá géar a Mhuire nár thug tú cuireadh do Spencer a intinn 'athrú.

Dá ndéanfaí iarracht a chás a chíoradh 's é a scaoileadh amach ar bhannaí,
Go bhfaighfí amach cé a rinne an chreach 's maith an chiall ceann ceannaithe,
Gan ach deich lá fanta nó go mbeidh an fhéile glanta, féile Nollaig bheannaithe
'S tá ár gcroithe briste, 's ár ndóchas cliste, 's gan athair ag na leanaí.

Bhíodh mé fhéin subhach sách 's m'athair lách, is an mhóin againn á ghróigeadh,
Ach tá mo cheann am fúm, mé ag fanacht liom 's maith trom i meáchain bróga
Seacht mbliain mhór nó go mbeidh mé an scór, níl mé fós i mbláth na h-óige
Ach a Dhia déan fóir 's roinn do mhórghlóir le m'athair, Maolra Seoighe.

Is muid na dialachtaí atá lag gan bhrí, 's ata fágtha ar thrá fholamh
Gan ceannródaí an tí a bheith linn ag spraoi, 's gan fanta ach a bholadh,
A Mhuire Mháthair, is é ag teacht i do láthair bíodh do choróin 'ad air ag scaladh
Is mionna éag ar lucht na mbréag a chuir m'athair bocht i dtalamh.

Scéal gránna casta í cás Mhám Trasna nach bhfuil fuascailt air ná fóir,
'S é chuir m'athair i gceangal leathair 's a chroch é go mí-chóir
Is maith an chuimhne a bhíonn ag daoine, is fada í cuimhne déagóra,
Tá m'athair bocht le h-Íosa anocht, crochadh an bheirt acu san éagóir.

Ciarán Ó Fatharta 15/12/2012

Poem
In the poem on the left, from the pen of Ciarán Ó Fatharta, Myles Joyce's daughter, the eldest of five and a sixth child on the way, laments her father and wondrs how she can comfort her grieving mother. If finishes with perceptive lines for this young teenager: "My poor father is with Jesus tonight, (but) two were hung unjustly!"
The poem was composed especially for, and recited for the first time during, the commemoration on 15 Decemnber 2013 in Galway.

Song
Mám Trasna
Mám Trasna

Amhrán (i mBéarla) cumtha ag Klaus-Dieter Dunduris as Karlsruhe na Gearmáine agus a chasadh aige féin agus a ghrúpa ceoil SPARROWCHIRP.

Song (in English) composed by Klaus-Dieter Dundiris from the German city of Karlsruhe and sung by himself and his music group SPARROWCHIP.
Lied (in englischer Sprache) von Klaus-Dieter Dundiris komponiert aus der deutschen Stadt Karlsruhe und gesungen von ihm und seiner Musikgruppe SPARROWCHIP.

This song was composed after a short holiday in Corr na Móna and after a drive through the area where he learned of the story of Myles Joyce and after reading Fr Waldron's book was "so touched and even angry about what had happened then," that he composed this song.