Seaimpín Pheaidí  Phaitseach

le Seosamh Ó Cuaig

 

Tá blianta caite agam ag bailiú eolais faoi Sheaimpín Pheaidí Phaitseach, an lúthchleasaí ba chumasaí a chuaigh amach as an bparóiste seo riamh, is dóichí. Fear caraíochta a bhí ann - duine den triúr nó ceathrar fir charaíochta ab fhearr sa domhan lena linn.

 

Leag sé fir faoi agus thairis in Éirinn ina óige. Ansin nuair nach raibh aon duine sa tir seo in ann an ceann ab fhearr a fháil air chuaigh sé go Glasgow  (Bhíodh go leor daoine as Iorras Aithneach ag gabháil go Glasgow an uair sin agus blianta ina dhiaidh.) Dirigh thar barr le Seaimpín Pheaidí Phaitseach  sa gcathair sin agus in áiteacha chomh fada ó dheas le Londain. Faoin mbliain 1910 bhí craobh na Breataine Móire bainte amach aige.

 

I Meiriceá a bhí seaimpíni móra an domhain ag an am agus níorbh fhada go raibh Pat Connolly, mar a thugtaí air, ar a bhealach anonn é féin. Throid sé an chuid ab fhearr acu agus ba mhaith é i gcónaí. Chaith sé seal i Vancouver Cheanada freisin - é sa bháinne go minic agus go rimhinic. Bhí sé aitheanta ann mar "The Heavyweight Champion of Canada."

 

Tá tuairisci nuachtáin bailithe agam faoi na troideanna ba cháiliúla a bhi aige. Is dóichi nach raibh ceann ar bith acu ba mhó a tharraing caint ná an comhrac tréan a bhi idir é fhéin agus Ed "Strangler" Lewis. Bhuaigh "Strangler" Lewis chúig chraobh an domhain ina dhiaidh sin. Bhuail sé Seaimpín Phaddy Phaitseach freisin an oíche ar casadh ar a chéile iad I Montana ach má bhuail shaothraigh sé é. Sin cé go raibh "Strangler" Lewis deich mbliana nios óige agus cheithre clocha nios troime mi mac Phaddy!

 

Tá scéalta go leor ann faoin deireadh a bhi ag Seaimpín Phaddy Phaitseach. Dúirt daoine gur nimh a tugadh dhó, dúirt tuilleadh gurbh é an chaoi ar  caitheadh é nuair a féachadh leis an traein a raibh sé uirthi a robáil. Dúirt tuilleadh fós gur bean a sháigh sa droim é!

 

Fuair mé eolas cúpla bliain ó shin gur ag gabháil as Montana go Boston a bhi sé nuair a bhásaigh sé. Bhí inion ag a dheirfitir, Barbara, dtiirt an bhean seo liom, agus bhí Pat Connolly le ghabháil chun baiste léi.

 

Rinne mise taighde go leor faoin scéal sin i mBoston. Fuair mé teastas breithe agus teastas baiste an ghasúirin ach nior éirigh liom tada a fháil faoi Phat Connolly. Ni hiontas nach bhíuair mar bhi an t-eolas michruinn - fuair mé amach ó shin go raibh Pat Connoly beo beathaioch bliain dár gcionn i mButte i Montana! Bhi gym oscailte aige ann, é ina phromoter ar bhabhtai caraiochta agus dornálaiochta agus ait rialta i gceann de nuachtáin na cathrach faoina ainm i dtaobh "the finer points of wrestling."

 

Ansin go tobann d'imigh a ainm as na páipéir agus nil tada eile againn faoi. Ach coinneoidh mé orm ag cartadh agus ag cuartú. Cá bhíios fós nach n-éireodh liom crioch a chur le scéal suimiúil a bheatha.

 

Maidir leis na pictitúir atá anseo, de thimpiste ar bhealach a casadh liom iad. Thug mé faoi deara ar an idirlion go raibh bailiúchán már pictiúr ag an "Chicago News" faoi dhaoine agus faoi eachtrai a bhain le tús an chéid seo caite. "Cá bhíios a deirimse, "nach mbeadh Seaimpín Phaddy ann." Chuir mé isteach a ainm agus léim na pictitiúir seo amach chugam. Ni raibh an oiread riméid orm le fada.

 

Iris "Iorras Aithneach" 2004

 





Baile