Greann - Bréag Nuacht!


Cruinniu ag Corn Sacair an domhain!
Rás snamha a shocróidh ionad na linne snámha
Idir Connie agus Joey Five
An Pápa ag teacht go Carna 'b'fhéidir' - Ó Cuaig

Shéan an craaoltóir polaitiúil, Joey Five Ó Cuaig gur chleasaíocht pholaitiúil ba chúis lena Nuachtráiteas i dtús na seachtaine a thug le fios go raibh "fear na Róimhe ar a bheal;ch go hIorras Aithneach, seans."
Mhíningh Ó Cuaig, a bhí ag taifeadadh eagrán 6789 dá chlár seachtainiúil raidió "Téipeanna fánacha ó thóin an Chomhra" - go bhfuil litir (i nGaeilge dár ndóigh) seolta aige chuig Benny na Róimhe. Sa litir sin, 368 leathanach, míníonn Joey go mion géarchéim pholaitiúil eacnamúil agus spioradálta reatha iarthar Chonamara agus iarrann ar an nGearmánach teacht i gcabhair air.
Deir údarás na Vatacáine le Ar son na Cúise nach bhfuarthas aon litir ó éinne i gCill Chiaráin le blianta ach go bhfáilteofar roimpi. "Tá an-mheas againn ar an Monsignor Ó Cuaig ó chuir sé an síneadh sin le Baisleach Mhuire i gCnoc Mhuire agus ó thóg sé an t-aerfort sin ina aonar ar mhullach an tsléibhe i mBarr na Ladhra."

Leagan TG4 den Euro-réalt
Táthar le €1 a ioc do gach amhránaí
Shéan TGFore gur aithris ar RTÉ a bheidh sa tsraith nua amhrá&naíochta atá á bheartú aige. Euró-Réalt an teideal sealadach atá baiste ar an tsraith - ina dtabharfar cuireadh do dhaoine leathcháilúla a theacht ar stáitse, amhran a chanadh go dona agus airgead a lorg do charthanacht éigin. Euro an duine a gheobhaidh na hiomaitheoirí.
Bhi an beagán d'fhoireann an chainéil nach bhfuil ar saoire, ag obair go crua i nth na seachtaine ag cur bailchrioch ar na socruithe.

Is iad Donncha Ó hÉallaithe, Breandán Mac Gearalit agus Enya atá roghnaithe mar ghiúiré agus is é SBB a bheidh mar láithreoir óir tá sé féin agus TG4 mór le chéile arís.
Ar na hiomaitheoirí atá iarrtha tá, Máire Killoran (Aisling ró-Ghéar) Seosainh Ó Cuaig (My Way), Seosamh Mac Donncha (Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair), Seán Ó Cuirreáin (Mise agus mo Mhaide Mór) Pádraig Ó hAoláin (Cóilin Phádraig Shéamuis - Laoch TeangaLárnaithe) Connie Ni Fhátharta (Cladhnach Glas an Fhómhair) agus Daithi Mac Cárthaigh (I Fought the Law and the Law Won).
Craolfar an clár gach oiche ag 1.4Oam - tar éis an tsnúcair agus roimh an athchraolta ar Dáil Beo.

Ar son na Cúise 21/8/2005

Amharclann na Mainistreach i Ros Muc?

D'fháiltigh an Craoltóir Contae, Joey Five, roimh thógra na Comhairle Ealaion go bhfuil Amharclann na Mainistreach (agus Fiach agus a chuid fiacha) le n-aistriú go Ros Muc.
Tháinig cinneadh an Rialtais faoi seo i dtús na seachtaine aniar aduaidh ar lucht drámaíochta. "Céim mhór chun cinn," a thug Joey Five ar an gcinneadh. "Where the hell is Ross Mock?" a dúirt colúnai drámaíochta an Irish Times, Tinnteán Ó Tuathail agus é ag labhairt sa Ghaillimlh ag seó an Druid, Synge on Spincycle.
Beidh an Amharclami Náisiúnta lonnaithe i gcóiriocht Portakabin, ar chúl Theach an Phiarsaigh.
"Spreagfaidh seo iad le drámaí faoin náisiúnachas, faoin nGaeilge, faoi bhuachailli óga agus faoi lámhach, a chumadh agus a léiriú," a dúirt ceannasai na Comhairle Ealaion, Amhlaoibh Bréidin.
"Bheadh an-éileamh ar an sórt seo ábhair san Iarthar, deirtear liom."
Deir Joey Five gurb é féin a chuir siol an smaoinimh in intinn an Rialtais agus go bhfuil sé cinnte go méad óidh a vóta dá bharr. Bhi oiread éthais ar Mhichael Daoi Higgins faoin gcinneadh go raibh an chaint caillte ar fad aige.

Ar son na Cúise 31/7/2005


Bus ceannaithe ag an Údarás
'Gach áis do chruinnithe - deireadh le costais bhoird'

Cháin comhaltaí boird Údarás na Gaeltachta (fiú iad sin nach bhfuil ceaptha fós) cinneadh na bainistiochta bus nua-aimseartha a cheannacht mar ionad soghluaiste do chruinnithe feasta.
Chinn an bhainistiocht an bus a cheannacht, ar neamhchead an Bhoird, nuair a léirigh na cuntais go mbeadh sé i bhfad nios saoire an cruinniú a thabhairt chuig na comhaltai ná atá sé na comhaltai a thabhairt chuig an gcruinniu.
Faoi socru nua, fágfaidh bus Na Forbacha an oiche roimh gach cruinniú feasta. Baileofar cotnhaltai éna mbaile i rith na hoiche ('neart leapacha ar bord') agus tosóidh an cruinniú nuair a bheidh quorum i láthair.
Tá cistin, stiúideo Orti Orangeee, gym agus áiseanna leithris ar an mbus. "Ni bheidh aon chruinniú Boird sna Forbacha féin go deo arís, buiochas le Dia" a dúirt Pádraig "An Tiománai Bus" *Oacute; hAoláin.

Ar son na Cúise - 10/7/2005

Ar Son na CÚise - 13/2/05


Maith nó Olc le linn 2004...
Na rudaí a chuaig i bhfeidhm..ó thaobh faisean de (Maith nó olc) le linn 2004! ...OLC...
Spéaclaí Sheosamh Uí - should've gon to Specsavers...
"Smais" i bhFoinse 26-12-2004


Meas tú an "briseadh" atá i gceist anseo?
Foinse - (Ar Son na Cúise) - 13-6-2004

Foinse - (Ar Son na Cúise) - 13-6-2004
Leatrom cantail Chonamara le cur ina cheart - Ó Cuaig

"Cruthóidh mise dóthain cancair le haon pháirti mór -Iarla Aill na Brún"
Deir an Bail nuathofa, Joey "Five" Ó Cuaig, go bhfuil dóchas aige go n-éireoidh leis i bhfad nios mó cantail a chruthú le Iinn a thréimhse nua ar Bhord an Údaráis.
"B'fhacthas dom ón tús go raibh i bhfad nios lú cantail i gConamara i gcomparáid le ceantair eile agus déanfaidh mise iarracht an éagóir sin a leigheas, fiú má tá orm an cantal seo ar fad a chruthú liom féin,' a dúirt sé in agallamh giorraisc le Ar Son na Suíochán.
Níl sé sásta go raibh daoine áirithe sna meáin - 'féasógai aitheanta cuid acu' - ag tuar ar Orr Tee Hee Orangeee ar an Domhnach go raibh a shuíochán i mbaol.
Measann Joey go bhfuil leatrom ar leith déanta ar Iorras Aithneach ó thaobh an mhéid gearáin a déantar faoi, barúntacht a raibh de cháil riamh uirthi gur mó cantaléiri cumasacha a bhi inti ná in aon áit eile ar domhan,' a dúirt sé.

Foinse - (Ar Son na Cúise) - 10-4-2005

Litir chuig Santa Éamon - Nollaig 2004
Santa Éamon Foinse - (Ar Son na Cúise) - 19-12-2004
Aill na Brún

Bhí mé go maith i mbliana agus fuair mé post eile mar Chomhairleoir Contae. Fiú gan an cúram sin a bheith orm bhinn an-Údarásach ag Reacaireacht le Leaganacha Cainte Ó na Sceirde Aniar. Tá mé ar do shon agus id aghaidh agus mé i lár na páirce i mo shui ar an gclai. Diabhal a bhfuil fbios agam cá bhfuilim ach ba dheas mo phictiár a bheith sa bpáipéar ar aon nós. Ba mhaith liom linu snámha le dion ceann tui ag Teach an Phiarsaigh.

Seosamh.


Fáilte ag Conamartians roimh Rialtas nua.

Bhí idir áthas agus amhras ar mhuintir Chonamara an tseachtain seo tar éis gur fógraíodh go raibh fórsaí: forgabhála Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag tabhairt an bhóthair soir orthu fhéin agus ag aistriú a gcuid cumhachtaí go Rialtas Sealadach Áitiúil faoi stiúir an cheannaire dúchasach Seosamh Ó Cuaig.

Chuir roinnt Conamartians fáilte roimh an aistriú cumhachta ach bhí cuid eile acu imníoch nach ndéanfadh sé aon difríocht in aon chor. "Rialtas Puipéadach a bheidh ann. Beidh cac fós san uisce, poill fós sna bóithre agus cúlchaint fós sna pubanna," a deir foinse iontaofa amháin linn sna snug I dTí Hughes!
Foinse - (Ar Son na Cúise) - 4-7-2004

Baile