Teastaíonn:

"Caithfear a chuir ar a súile do Chomhairle Contae na Gaillimhe gur pobal meabhrach, muiníneach, nua-aimseartha atá i gConamara agus in Árainn agus nach nglacfar níos faide le seirbhísi den dara grád."

Bóithre cearta

Córais uisce agus séarachais

Córas féaráilte pleanála

Tithe don dream atá ag fanacht leo

Reiligeacha néata, bearrtha

Cearta don Ghaeilge

Tacaigí le Glór na Gaeltachta!

Na "cúig phointe déag"!

Seo h-iad na 15 pointe oibre atá mar bhunús don margadh idir Seosamh Ó Cuaig agus an "Chomghualaiocht Teichniúla" sa Chomhairle Chontae
Scéal na 15 pointe (Nollaig 2004)

 

1. Plean Iomlán do Bhóthar Chois Fharraige.

 

2. Tosú láithreach ar  phleanáil bóthar nua ó Chonamara Thiar go Gaillimh

 

3. Tosú láithreach ar  phleanáil le haghaidh linn snámha agus ionad fóilíochta do Chonamara.

 

4. Ciste reilige a cruthú go mbeidh chaoi ceart ar reilig, gearradh féir go rialta san áireamh.

 

5.  Go mbeidh coda cothram de comh-chiste an A.E. ag bóthar Ros Muc - Cill Chiaráin - Carna - An Srath Salach gach bliain, gan tagairt a dhéanamh don airgead le teacht ó Scéim na mBóithre Stráitéiseacha.

 

6. Leithris ag  Trá Chill Mhuirbhí, Inis Mór, ar feadh an séasúr ar fad.

 

7. Búnú Choiste na nOileán nua le níos mó ionadaíocht ó muintir na noileán ná roimhe seo.

 

8. Breis solas sráide i gCarna, An Áird Mhóir, Cill Chiaráin, Camus, agus ar Chéibh an Mháimín

 

9. Go gcuireadh an Comhairle Chontae  gach brú ar an Rialtas, go gcomhlíonfaí a geallúintí i dtaobh ionad chuairtíochta ag Teach an Phiarsaigh, Ros Moc.

 

10. Go dtógadh an Comhairle Chontae pé rud atá riachtannach chun scannal uisce agus séarachas An Cheathrú Rua a réiteach.

 

11. Go dtógfaí na céimeanna tosaigh chun comhairle faoi leith a bhunú do Cheantair Chonamara agus Árainn tré scrúdú a dhéanamh ar phlean Chomhairle Co Chorcaí agus dul i gcomhairle le Údarás na Gaeltachta.

 

12. Pleanáil agus tógáil clóis nó áit súgradh do na páistí.

 

13. Iarracht dairíre stádas brat gorm fháil do thrá  éigin in Ioras Aithneach (Ceantair Charna).

 

14. Seirbhísí tabhachta poiblí, leabharlann, oifig cheadúnais tiomána 7rl, i gCarna.

 

15. Go ndéanadh an Comhairle a dícheall chun deiseanna "suas-chun-dáta" a sholathar ag Céibh Ros a'Mhíl.

 

Baile