Nancy seolta!

Bhí os cionn trí chéad duine i láthair nuair a sheol Seosamh Ó Cuaig dlúthdhiosca úr Bheairtle Uf Dhomhnaill, Nancy Bhán ar an Droim i Leitir Mór. Tháinig go leor de mhuintir na háite, agus bhl an tatmaisféar go hiontach. Tháinig Mick Kane agus a bheirt deirfiúr anall as Boston don ocáid, daoine eue as Chicago agus Sasann

Bhí Grainne Ní Dhomhnail as RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a comrádaithe i láthair freisin, agus iad ag baint an taitneamh as an oíche.

Bhiodar as chuile áit den tir, muintir Mhaigh Eo ag baint an-suit as an gcraic agus ceol. Chuaigh a lán daoine suas ag casadh ceoil asgus bhí gach duine ag damhsa. Díoladh neart dlúthdhioscaí agus bhí seisiúin ar siúl ar feadh na hoíche. Cé go rabhadar le bheith críochnaithe ag a haon déag a chlog, níor imigh formhór an tslua abhaile go dtí a leath i ndiaidh a ceathair aar maidin. Bhí an teach ósta lán go doras agus bhin gach duine sult as an oíche.

Éist le Nancy Bhán

Oicáidí Oidí - Foinse 22/7/2007


Baile