Cruinniú faoi chúlú

Thriáil beirt Comhairleoiri Contae diospóireacht speisialta a eagrú le gairid faoin gcúlú atá ar cheantair ar imeall thoir agus thiar na Gaillimhe i gcomórtas leis an taobh tíre atá in aice chathair na Gaillimhe. MhoI Seosamh Ó Cuaig go mbeadh an diospóireacht ann i bhfianaise an eolais a bhí i dtuarascáli faoi chúrsai eacnamaiochta agus sóisialta sa gcontae a d'fhoilsigh an Chomhairle Contae féin le gairid.

Chuidigh an Comhairleoir Diarmuid Ó Conghaile as ceantar Bhéal Atha na Slua leis an moladh. Rinneadar beirt amhIaidh nuair a bhiothas ag socrú go mbeadh deis ar chead pleanáIa ann do Pháirc nua Teicneolaiochta gar don Órán Mór. Dúradar beirt nach raibh siad in aghaidh na Páiroe seo acu, san arn céanna, go gcaithfi féachaint le borradh a chur ar na pobail nach raibh mórán faoi láthair iontu.

Duirt Bainisteoir na Contae, Pádraig O Gallchóir go mbeifí ag réiteach cáipéis faoi chúrsaí mar seo ar fud na contae le gairid ina gcaithfí súil ar bhealai le borradh a chur faoi cheantair mar seo. Shíl sé gurbh fhearr fanacht go dtí sin. Tharraing an Comhairleoir O Conghaile an moladh siar ansin.

Níl a fhios go barainneach anois cén uair a bheidh an diospóireacht seo ann . . .cé go mb'fhéidir gurbh fhearr é a bheith ann sul a réiteofaí an cháipéis sa gcaoi agus go gcloisfí tuairimí na gComhairleoirí Contae.

Foinse 4/10/2005


Baile