Ardú Suntasach Tagaithe ar Dhaonra na Gaeltachta

                          

Donncha Ó hÉallaithe, GMIT

 

Íoslódáil
an páipéir
seo mar PDF

D'eisigh an Lár Oifig Staidreamh (CSO) réamhthorthaí  le gairid, a thug le fios áireamh an daonra i ngach togharoinncheantair(DED) sa stát mar a bhí oíche an daonáirimh, mi Aibreán na bliana seo 2006. D'iarr Foinse ar an léachtóir Matamaitice sa GMIT, Donncha Ó hÉallaithe, anailís a dhéanamh ar na figiúirí dona togharoinncheantair Ghaeltachta, le fáil amach céard é daonra na Gaeltachta i 2006. Fuair sé amach go bhfuil méadú suntasach tagaithe ar dhaonra na Gaeltachta ach gur sna ceantracha is lú a bhfuil Gaeilge á labhairt iontu is mó a bhfuil an daonra méadaithe.

 

 

Do réir na réamhthorthaí ón Daonáireamh a tógadh mí Aibreán seo caite, tá daonra na Gaeltachta méadaithe le 10 mbliain anuas ó 86,039 duine go thart ar 95,700 duine. Is ionann sin agus méadú 11% in imeacht 10 mbliana. Sa mbliain 2002 bhí 90,048 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht ach tá os cionn 5,000 curtha leis an líon sin ó shin le méadú de 6.3% sna 4 bliana idir 2002 agus 2006. Ach nuair a bhreathnaítear níos géire ar na figiúirí, baineann an cuid is mó den ardú le ceantracha sa Ghaeltacht oifigiúl nach bhfuil mórán Ghaeilge á usáid iontu: an ceantar a áirítear ina Ghaeltacht i gCathair na Gaillimhe; an ceantar taobh thoir de Loch Corrib ar a thugtar Achréidh na Gailllimhe; an ceantar thart Mhaigh Chuilinn agus Bearna.

 

 

Na 5  DEDs is mó ar tháinig méadú níos mó ná 20% iontu, tá sé suntasach gur thart ar Chathair na Gaillimhe atá siad uilig, seachas póca beag i gCiarraí  ar a ghlaotar Cnoc Bréanainn. Is beag Gaeilge atá á labhairt iontu, mar a léiríonn an tábla thíos.

 

 

Tábla 1.          DEDs is mó ar tháinig méadú ar an Daonra iontu ó 2002 go 2006.

 

Togharoinncheantar

Daonra

2002

Daonra

2006

% Athrú sa

Daonra

2002 - 06

% Cainteoirí Laethiúla Gaeilge 2002

Cathair na Gaillimhe

An Caisleán Gearr

1046

1591

52.1

11

Gaillimh

Tulach Aodhain

1062

1357

27.8

21

Gaillimh

Maigh Chuilinn

1402

1777

26.7

22

Ciarraí

Cnoc Bréanainn

133

168

26.3

36

Gaillimh

Bearna

2465

3022

22.6

25

 

 

Tá os cionn 14,000 duine ina gcónaí taobh istigh den limistéar Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe. Sa bhliain 1996 bhí daonra de 9,853 sa gceantar céanna cathrach agus i 2002 bhí 11,802 duine ann. Mhéadaigh daonra an Achréidh ar an gcaoi céanna, ó 4,965 sa mbliain 1996 go thart ar 7,000 i 2006. Don chéad uair tá daonra Ghaeltachta  Chathair na Gaillimhe níos mó anois ná an daonra i gConamara Theas - an ceantar a shíneann óna Forbacha siar go Carna, ina bhfuil thart ar 13,000 duine ina gcónaí faoi láthair.

 

 

 

Daonra na Fíorghaeltachta:

 

Sa tábla thíos léirítear an t-athrú daonra sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge láidir mar theanga pobail - Iarthuaisceart Dhún na nGall, Iarthar Dhuibhneach, Deisceart Chonamara agus Oileáin Árann. Is léir ón tábla go bhfuil daonra na Fíorghaeltachta seasamhach go maith, ag beagán os cionn 20,000 le méadú 0.6% ó 2002.

 

Tábla 2.                      Athrú Daonra sna Ceantracha Fíorghaeltachta  

Ceantar

Daonra

2002

Daonra

2006

Athrú sa Daonra

2002 - 2006

% Athrú sa Daonra

2002 - 2006

Ceantar na nOileán

2102

2176

74

3.5

An Cheathrú Rua

2266

2280

14

0.6

Camus/Ros Muc

983

1041

58

5.9

Cois Fharraige

3428

3629

201

5.9

Oileán Árann

1280

1218

-62

-4.8

Iarthuaisceart Thír Chonaill

6283

6279

-4

-

Iarthar Dhuibhneach

2339

2270

-69

-2.9

Iorras Aithneach

1820

1734

-86

-4.7

Iomlán

20501

20627

126

0.6%

Nóta: Sé an slat tomhais a usáidtear san anailís seo le ceantar a áireamh mar cheantar Fíorghaeltachta ná go bhfuair ar a laghad 60% dena teaghlaigh le páistí scoile an Deontas Iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge sa scoil bhliain 2004/05

 

Mar a cuireadh an Meastúchán le chéile:

 

Cén fáth meastúchán ar dhaonra na Gaeltachta ag an bpoinnte seo? Tá an limistéar ag a bhfuil aitheantas oifigiúl Ghaeltachta chomhdhéanta de 84 toghroinncheantar (DED) iomlána agus codanna de 71 togharoinncheantair eile. Nuair nach bhfuil ach cuid den DED sa Ghaeltacht ní mhór meastúchán a dhéanamh ar an daonra bunaithe at an gcéatadán de dhaonra gach DED a bhí lastaigh den Ghaeltacht i 2002.

 

Mar léiriú ar an modh meastúcháin seo, tógtar an DED i gCo na Mí ar a dtugtar Rath Mór i gCo na Mí, ina bhfuil Ráth Chairn mar chuid dhó.

 

Sa mbliain 2002 bhí cónaí ar 797 duine i Rath Mór, 395 acu taobh istigh den Ghaeltacht nó 49.56% den daonra. Daonra de 856 a bhí ag Rath Mór oíche an Daonáirimh. Ag glacadh leis go bhfuil an céatadán céanna sa Ghaeltacht an oíche sin is a bhí i 2002, usáidtear 49.56% den daonra iomlán don DED chun meastúchán de 424 a fháil ar an daonra sa chuid sin de Rath Mór atá sa Ghaeltacht. D'fhéadfadh an meastúchán a bheith ró ard nó ró íseal. Ach nuair a chuirtear roinnt ceantracha le chéile bheifí ag súil go mbeadh na cinn ró ard ag cealú amach na cinn a bheadh ró íseal. Ar an gcaoi sin is féidir glacadh go muiníneach leis an figiúr 95,700 mar mheastúchán réasúnta cruinn de dhaonra na Gaeltachta i 2006, le earráid thart ar 1%.


 

 

Cásanna Áirithe:

 

    1. Achréidh na Gaillimhe: Tá daonra an cheantar tire a thimpeallaíonn Baile Chláir na Gaillimhe, ag méadú i gcónaí, le os cionn 7,000 duine ann anois, i gcomparáid le 5,000 deich mbliana ó shin. Ó thaobh na Gaeilge dhó, is beag sólás é sin, mar nach bhfuil mórán Gaeilge á usáid sa gceantar. Cé bhfuil os cionn 700 teaghlach sa gceantar le páistí scoile iontu, ní bhfuair anuraidh oiread is teaghlach amháin an deontas iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge. Spéisiúl go leor tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tar éis cinneadh nach mbeidh scéimeanna tithíochta sa gceantar á shrianú a thuilleadh le coinníoll teanga.

     

     Vótaí an cheantair seo a thogh Val Hanley ar Údarás na Gaeltachta anuraidh, ach is beag seans go bhfágfar an ceantar seo sa Ghaeltacht tar éis an aithbhreithniú ar na teorannacha, atá ar bun faoi láthair, sé sin más ar bhunús teangeolaíochta a tharraingeofar na teorannacha nua Gaeltachta.  

     

     2. Corcha Dhuibhne: Idir 2002 agus 2006 bhí titim 3% i ndaonra na Fíoghaeltachta taobh thiar de Dhaingean Uí Chúis. Bhí an titim tubaisteach i nDún Chaoin, laghdú 23%, in ainneoin go leor tithe a bheith tógtha. Dún Chaoin an áit is mó inar thit an daonra sa Ghaeltacht. Tithe saoire is mó a bhí iontu, ar ndóigh ag brú suas praghas na suíomhanna agus deacrachtaí móra ag muintir na háite cead pleanála a fháil ina ndúthaigh féin

     

    Bhí titim 12% sa daonra i bhFionntráigh, ceantar atá gar don Daingean agus áit nach mbeifí ag súil le titim. Mhéadaigh an daonra i Márthain (+13%) agus i nDún Úrlann (+7%) - an dá DED atá gar do Bhaile an Fheirtéirigh. Is léír gur ionad fáis é Baile an Fheirtéirigh, le scéim tithíochta tógtha ag an gComhairle Chontae le roinnt blianta anuas.. 

     

    Tá ráta fáis 7.6% i nDaingean Uí Chúis agus méadú beag (+1.7%) sna Gleannta - DED a thimpeallaíonn an baile.

     

    3. Gaeltachtaí Eile Chiarraí: Tá an daonra réasúnta seasamhach  in Uíbh Ráthach le méadú beag de 1% ann. Mar a chéile leis an gceantar taobh thoir den Daingean, timpeall ar Lios Póil, áit ar mhéadaigh an daonra thart ar 3%. 

     

    Is i gCiarraí is mó atá na ceantair DED inar tháinig laghdú níos mó ná 10% ar an daonra iontu. [Féach Tábla 4]

     

    4. An Rinn: Áit a bhfuil go leor eastáit tithíochta tógtha le blianta beaga anuas agus tá an toradh le feiceál sa mhéadú thar 4 bliana de bheagnach 11 % ar an daonra ó 1,454 go thart ar 1600. Is ábhar mór conspóide é, an líon eastáit atá tógtha sa Rinn agus an chontúirt atá ann don Ghaeilge mar theanga phobail sa gceantar.

     

     

    5. Gaeltacht Mhúscraí: Méadú suntasach (+9%) tagaithe ar an daonra ó 3401 go thart ar 3700.

     

    6. Na hOileáin Ghaeltachta: Tá daonra na noileán Gaeltachta ag titim i gcónaí. I gCléire, bhí titim 10% ann ó 129 go thart ar 116. Titim 5% a bhí ar trí Oileáin Árann ó 1280 go 1218. Ní raibh an titim chomh mór sin ar Árainn Mhóir, ó 543 go 528, sin titim de 3%.

     

    7. Cois Fharraige - Na Forbacha go Ros a Mhíl: Aisteach go leor tá daonra na bhForbacha titithe 3% ó 1272 go 1236, i gcomparáid le méadú mór de 16% sa daonra idir 1996 agus 2002. D'fhéadfadh míniú simplí a bheith ar an scéal. Nuair a dhéantar mionscrúdú ar chomhdhéanamh daonra na bhForbacha mar a áiríodh é sa bhliain 2002, bhí 148 duine san áireamh nach bhfuil gnáthchónaí orthu sna Forbacha. Ceaptar gur daoine iad san a bhí ag fanacht in Óstán Chois Fharraige ar an oíche a tógadh an Daonáireamh. D'fhéadfadh sé tarlú gurb shin ba chúis leis an méadú mór ar an daonra idir 1996 agus 2002 a chuir an figiúr dona Forbacha as riocht.

     

    Tá méadú sa Spidéal (+8%) agus méadú 6% sa gceantar siar ón Spidéal chomh fada le Ros a'Mhíl.

     

    8. Iorras Aithneach: Tá 3 DED sa leithinis. Tharla laghdú suntasach daonra i Œchaon ceann acu. Síneann  an DED Abhainn Gabhla ó Doire Iorrais chomh fada siar le Loch Con Aortha. Sa gceantar seo laghdaigh an daonra 8% ó 341 go 314. Síneann an DED Scainimh ó Chill Chiaráin chomh fada le Roisín na Mainíoch agus sa gceantar seo laghdaigh an daonra 4.5% ó 648 go 619. Síneann an tríú DED An Cnoc Buidhe ó Charna go Glisce le Maighinis san áireamh. Laghdaigh an daonra 4%.   ó 831 go 801.   

     

    9. Ros Muc/Camus: Le fada an lá bhí daonra Ros Muc ag titim. I 1991 bhí 575 duine ina gcónaí sa DED ar a ghlaotar An Turloch. Faoi 1996 bhí sé titithe go 545 agus sa bhliain 2002 thit sé faoi bhun 500 don chéad uair go 477. Tá sé méadaithe aríst go 552, méadú 16% ar thar 4 bliana. Ar an dtaobh eile den scéal bhí titim 5% i gceantar Camus.

     

    10. Ceantar na nOileán, Conamara aghs An Cheathrú Rua: Tá borradh beag le sonrú i gCeantar na nOileán le méadú 3.5% sa daonra ó  2102 agus 2176. Ach an oiread le Ros Muc, is ceantar é seo ina raibh an daonra ag titim ann ó bunaíodh an stát. Is fiú é seo a chur i gcomparáid le méadú faoi bhun 1% sa gCeathrú Rua, áit a bhfuil neart tógála ar bun agus áit a mbeifí ag súil le ardú níos mó ná mar atá.

     

    11. Corr na Móna agus Dúiche Sheoighe: Méadú 8% sa gceantar ina iomlán. Is i gCorr na Móna is mó a tháinig an méadú daonra, ó 512 go 573, ardú 12% i gceantar iargúlta i bhfad ón gcathair.

     

    12. Gaeltachtaí Mhaigheo :  Seasmach go maith atá an daonra i nGaeltachtaí Mhaigh Eo le ardú 3% thart ar Thuar Mhic Céidigh i nDeisceart an Chontae agus ardú suntasach de 7% i mBéal a Mhuirthid. Tá ceantar Acla titithe 3.5% agus ceantar na hEachléime titithe 3%. Tá titim de 8.5% i gCeathrú Thaidhg, an ceantar is láidre Ghaeilge i gContae Mhaigheo.

     

    13. Gaeltachtaí Dhún na nGall: Bhí an daonra seasmhach go maith i mórán chuile cheantar Ghaeltachta i nDún na nGall. Chaill an an ceantar Fíorghaeltachta thart ar Ghaoth Dobhair ceathrar ar fad, nuair a thit an daonra ó 6,283 go 6,279 idir 2002 agus 2006. Bhí méadú 8.3% i ndaonra Ros Guill/Na Dunaibh áit ina bhfuil go leor tithe saoire tógtha le roinnt beag blianta. Laghdú 1.2% a tharla san Iardheisceart , an ceantar ina bhfuil Cill Chárthaigh, Teileann, An Charraig agus Gleann Colmchille.

 

 

 

Tábla 3.                      Athrú Daonra sna Ceantracha Breacghaeltachta           

 

Contae

Ceantar

Daonra

2002

Daonra

2006

Athrú sa Daonra

2002 - 2006

% Athrú sa Daonra

2002 - 2006

An Mhí

Rath Chairn

673

745

72

10.7

Ciarraí

Uíbh Ráthach

1753

1778

25

1.4

Ciarraí

Oirthir Dhuibhneach

1321

1364

43

3.2

Ciarraí

Ceantar an Daingin

3118

3268

150

4.8

Corcaigh

Múscraí

3401

3671

270

7.9

Corcaigh

Cléire

129

116

-13

-9.8

Dún na nGall

Anagaire

2413

2395

-18

-0.7

Dún na nGall

Oirdheischeart Dhún na nGall

2688

2656

-32

-1.2

Dún na nGall

An Falcharrach

2207

2171

-36

-1.6

Dún na nGall

Fanaid/Na Dúnaibh/Ros Guill

2382

2449

67

2.8

Dún na nGall

Árann Mór

543

528

-15

-2.8

Dún na nGall

An Ghaeltacht Lár

1457

1499

42

2.9

Gaillimh

Na Forbacha

1272

1236

-36

-2.8

Gaillimh

Ceantar Mhaigh Chuilinn

3113

3824

711

22.8

Gaillimh

An Spidéal

1253

1356

103

8.2

Gaillimh

Dúiche Sheoighe

1698

1840

142

8.4

Gaillimh

Bearna

2465

3022

557

22.6

Maigheo

Ceathrú Thaidhg agus an ceantar

1545

1536

-9

-0.6

Maigheo

Tuar Mhic Céidigh agus an ceantar

1083

1112

29

2.7

Maigheo

Eachléim

1812

1762

-50

-2.8

Maigheo

Ceantar Acla

2375

2292

-83

-3.5

Port Láirge

An Rinn

1454

1610

156

10.7

 

 

 

 

 

 

© Donncha Ó hÉallaithe

 

Tábla 4           Na ceantair DED is mó a chaill daonra idir 2002 agus 2006.

Contae

Togharoinncheantar

Daonra

2002

Daonra

2006

% Athrú sa Daonra

2002 - 2006

Ciarraí

Dún Caoin

212

163

-23.1

Maigheo

Barr Rúscaighe

134

109

-18.7

Ciarraí

Doire Fionáin

161

132

-18.1

Ciarraí

Mainistir Gaoithe

83

73

-12.0

Gaillimh

Fionntráígh

460

405

-12.0

Dún na nGall

Cró Caorach

135

119

-11.9

Dún na nGall

Inis Caol

117

104

-11.1

Ciarraí

An Baile Dubh

137

122

-10.9

Dún na nGall

Cró Beithe

179

161

-10.1

 

Conchlúid:

Ar an gcaoi céanna is atá daonra na tíre ag méadú le 10 mbliain anuas, tá daonra na Gaeltachta ag méadú chomh maith ach níl méadú cothrom ann ach a mhalairt. Is sna ceantracha uirbeacha is mó atá an méadú le sonrú, ceantracha nach bhfuil sa Ghaeltacht ach trí thimpist tíreolaíochta seachas ar bhonn teangeolaíochta. Tá laghdú tagaithe ar chuid dena ceantracha is láidre ina bhfuil an Ghaeilge á usáid - Dún Chaoin i gCorcha Dhuibhne, Iorras Aithneach i gConamara Theas agus Oileáin Árann.

 

An bhfuil sé in am smaoineamh ar bealaí le cainteoirí dúchais  Gaeilge a mhealladh  le fanacht sna ceantracha sin, tré deontais níos mó tithíochta a íoc agus tré scéim faoiseamh cánach speisialta a chur ar bun iontu. Má chuirtear scéimeanna ar bun nach bhfuil teanga bunaithe tá an baol ann go meallfar  breis daoine gan Ghaeilge líofa isteach sna ceantracha seo, rud a lagódh an Ghaeilge sa phobal agus a chuirfeadh leis an mbrú ar an nGaeilge iontu agus a dhéanfadh ceantracha aontheangacha astu sa bhfadthéarma.

 

Críoch.

 

Donnchadh Ó hÉalaithe - Foilsíodh é seo i bhFoinse 6/8/2006

CTG:Baile

Ardú ar dhaonra na Gaeltachta
Daonra Ghaeltacht Chathair na Gaillimhe nios mó anois ná daonra Chonamara Theas

Ta méadú 11% tagtha ar dhaonra na Gaeltachta le deich mbliana anuas, de réir anailis nua atá foilsithe ar Foinse na seachtaine seo.

Tá daonra na Gaeltachta méadaithe le 10 mbliana anuas ó 86,039 duine go 95,700 duine, de réir na hanailise nua ag Donncha ó hÉallaithe, léachtóir Matamaitice sa GMIT.

De réir na hanailise, dongcéad uair tá daonra Ghaeltacht Chathair na Gaillimhe nios mó ná daonra Ghaeltacht Chonamara Theas (ó na Forbacha go Carna)

Tá an anailís a dhein an tUasal ó hÉallaithe do Foinse, bunaithe ar na figiúiri is déanai ó Dhaonáireamh 2006.

Léirionn sé go bhfuil daonra na Gaeltachta méadaithe go suntasach ach gur sna ceantracha is lú a bhfuil Gaeilge iontu is mó atá an méadú tarlaithe. Sa bhliain 2002 bhi 90,048 duine ina gcónaí sa Ghaeltacht ach tá ós cionn 5,000 curtha leis an líon sin ó shin. Sin méadú de 6.3% sna 4 bliana idir 2002 agus 2006.

Baineann an t-ardú don gcuid is mó le na ceantair Ghaeltachta is laige ó thaobh na teanga de, mar shampla an ceantar taobh istigh de Chathair na Gaillimhe agus an crios a thimpeallaíonn an chathair ón Achréidh siar ó thuaidh go Maigh Cuilinn agus ó dheas go Bearna.

Tá os cionn 14,000 duine ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe taobh istigh den limistéar Gaeltachta. Sa bhliain 1996 bhí daonra de 9,853 i nGaeltacht na cathrach agus i 2002 bhi 11,802 duine ann. Mhéadaigh daonra an Achréidh ó 4,965 sa mbliain 1996 go thart ar 7,000 i 2006. Tá daonra Ghaeltacht Chathair na Gaillimhe nios mó anois ná daonra Ghaeltacht Chonamara Theas ó na Forbacha siar go Carnna, ina bhfuil timpeail ar 13,000 duine ina gcónai. Nuair a chuirtear le chéile na ceantair go léir sa tir ina bhfuil an Ghaeilge Iáidir iontu mar theanga pobail - Iarthuaisceart Dhún na nGaII, Iarthar Dhuibhneach, Deisceart Chonamara agus Oileáin árann - feictear go bhfuil daonra na "Fíorghaeltachta" seasmhach go maith, ag beagán os cionn 20,000. Sin méadú 0.6% ó 2002.

Tá laghdú tagtha ar chuid de na ceantracha is láidre ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid - Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne, lorras Aithneach i gConamara Theas agus Oileáin árann.

Ni hionann an patrún Gaeltachta agus an patrún náisiúnta ach go pointe, a deir Donacha ó hÉallaithe.

"Ar an gcaoi chéanna is atá daonra na tire ag méadú le 10 mbliana anuas, tá daonra na Gaeltachta ag méadú chomh maith ach nil méadú cothrom ami ach a mhalairt.

"Is sna ceantracha uirbeacha is mó atá an méadú le sonré, ceantracha nach bhfuil sa Ghaeltacht ach tri thimpiste tireolaiochta seachas ar bhonn teangeolaiochta," a deir Donnacha Ó hÉallaithe.

Ní mor cur chuige a bheadh dírithe ar an dteanga a thionscan sa Ghaeltacht, dar le ó hÉallaithe.

"An bhfuil sé in am smaoineamh ar bhealaí le cainteoirí dúchais Gaeilge a mhealladh le fanacht sna ceantracha sin, tré dheontais níos mé tithíochta a íoc agus tré scéim faoiseamh cánach speisíalta a chur ar bun iontu?

"Má chuirtear scéirneanna ar bun nach bhfuil teangabhunaithe té an baol ana go mealifar breis daoine gan Ghaeilge liofa isteach sna ceantracha seo, nid a lagódh an Ghaeilge sa phobal agus a chuirfeadh leis an mbrú ar an nGaeilge iontu agus a dhéanfadh ceantracha aonteangacha astu sa bhfadtéarma," a deir sé.

Seán Tadhg ó Gairbhe Foinse 6/8/2006


Léiriú eile ar chur i céill na dteorainneacha

Má bhi tuilleadh fianaise ó éinne a raibh amhras orthu faoi chiall na dteorainneacha Gaeltachta mar atá, tá san anois acu.

De réir anailis nua Dhonnacha Ui hÉallaithe ar Foinse na seachtaine seo, tá daonra nios mó anois i 'nGaeltacht' chathair na Gaillimhe ná mar atá sa Ghaeltacht is láidre sa tir, Gaeltacht Chonamara Theas (ó na Forbacha go Carna).

Cruthúnas eule é seo ar a dhichéillí is atá na teorainneacha oifigiúla Gaeltachta agus ar an gcur i gcéill leanúnach atá ag cur bac roimh chosaint agus chaomhnú na Gaeilge mar theanga phobail san fhíorGhaeltacht.

Conas is féidir plean teangeolaíochta a chur i bhfeidhm do chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht nuair atá formhór de dhaonra Ghaeltacht na Gaillimhe ag cur fúthu gceantar nach bhfuil an Ghaeilge aon phioc nios láidre ann ná ceantair éagsúia eule ar fud na tire? Ni féidir.

Beidh sé dodhéanta fis nó straitéis don Ghaeitacht a fhorbairt agus a chur i bhfeidhim a fhad is gur ann do na bréagtheorainneacha Gaeltachta seo.

Chonacamar le déanai an chonspóid a bhain leis an gcoinníol teanga sa chóras pleanála sa Ghaillimh agus an tslí gur féidir na teoranneacha Gaeltachta a úsáid chun an bonn a bhaint d'iarrachtaí stuama cosaint chuí a lorg don teanga sa chóras pleanála.

Tá go leor impleachtai eule ag baint leis an status quo do chás na Gaeilge sa Ghaeltacht, gan trácht ar an amhras a chaitheann na teorainneacha ar inchreidteacht thoghcháin Údarás na Gaeltachta.

Tá geallta ag an Aire Ó Cuív go ndéanfar athbhreithniú ar na teoramnneacha oifigiúla Gaeltachta ach an mórstaidéar teangeolaíochta atá ar bun faoi láthaur a bheith foilsithe san Fhómhair. Is minic pobal na Gaeilge ag cáiseamh ciniciúlacht thráchtairi áirithe faoin nGaeilge agus faoin meoin gur cur i gcéill atá in iarrachtaí an Ghaeilge a thabhairt slán. Argóint iontach ag na daoine seo iad teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta. Nios measa ná sin, tá siad ina gconstaic roimh iarrachtaí stuama tabhairt faoi fhadhbanna na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ni féidir ceist pholaitiúil a dhéanamh de seo. Táimid ag súil go dtabharfaidh an tAire Ó Cuív faoin gceist seo le teann misnigh agus macántachta. Táthar róthada ag tarraingt na gcos agus tá sé lán-am teorainneacha na Gaeltachta a atarraingt.

Eagarfhocal Foinse 6/8/2006


Ag éiríu as díospóireacht ar seo ar an Raidío ar an 5/8/2006, scríobh Concubhar Ó Liatháin Cad is 'Gaeltacht' ann ag tús an 21ú aois? sa sraith Ceist Mhór an Lae.