|
Dáta: 11 Feabhra,
2005
Lánchosc: 14
Feabhra, 2005 CEOLTÓIRÍ ÉIREANNACHA MÓR
LE RÁ AG CANADH AS GAEILGE! Tá roinnt de na ceoltóirí is mó le
rá in Éirinn tar éis amhráin den scoth a chur ar fáil do thionscnamh a
d'eagraigh Seachtain na Gaeilge le ceirnín a chur ar fáil as Gaeilge darb ainm SnaG '05. Beidh an dlúthdhiosca ar díol ón 4 Márta 2005 ar fud na tíre. Is iad na daoine a cheolann ar an
dlúthdhiosca ná: The Devlins, Paddy
Casey, The Frames, Mundy, Kíla, The Walls, Liam Ó Maonlaí, Iarla Ó Lionáird,
John Spillane, Nina Hynes, Caliban, Bowsie, agus Morgan the
Bouncer. "Bailíonn an dlúthdhiosca seo
roinnt mhaith de na ceoltóirí Éireannacha is cáiliúla le chéile chun ceirnín
sainiúil a chur ar fáil as Gaeilge. Bhí mé an-tógtha le hardchaighdeán na
n-amhrán ar fad. Tá súil agam go meallfaidh sé daoine eile le hamhráin Ghaeilge
a scríobh agus a thaifead amach anseo. Creidim go mbeidh an dlúthdhiosca
an-tarraingteach, do dhaoine óga ach go háirithe." Larry Gogan, RTÉ 2fm. Céard: SnaG '05 - Dlúthdhiosca le ceoltóirí Éireannacha ag canadh
as Gaeilge Cén áit: Ar díol
go náisiúnta (dáilithe ag RMG Chart Entertainment)
Dáta: 4 Márta 2005 Is féidir agallamh a shocrú le
duine de na ceoltóirí más maith leat. Déan teagmháil linn le hagallamh a
shocrú. ________________________________________________________________________________________________ Níos mó eolais : Julian de Spáinn, Ailbhe
Nic Aoidh, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, Oifigeach, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2. 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2 086 8142757 / 01 4757401 087 6576612 / 01 4757401 Eolas ar Sheachtain na Gaeilge: Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl idir an 5
agus an 17 Márta 2005. Cúlra: Is í aidhm Sheachtain na Gaeilge ná an Ghaeilge agus an
cultúr gaelach a chur chun cinn, agus deis a thabhairt do dhaoine iad a
bhlaiseadh. Is é 'Croí na Teanga
It's You!' mana na
Seachtaine. Is é an rud atá i gceist leis an mana seo ná a thaispeáint gur
féidir le gach duine úsáid a bhaint as an teanga agus as an gcultúr agus go
bhfuil gach duine lárnach ina hathbheochan. Is í Seachtain na Gaeilge
an fhéile Ghaeilge agus chultúrtha is mó a bhíonn in Éirinn gach bliain. Táimid
ag súil leis na céadta mílte daoine le páirt a ghlacadh in imeachtaí a bheidh á
n-eagrú ag suas le 200 grúpa, le céilithe, ceolchoirmeacha, quizeanna boird,
srl. san áireamh. Beidh na himeachtaí seo á n-eagrú i ngach contae in Éirinn, chomh
maith le Ceanada, na Stáit Aontaithe, an Bhrasaíl, Sasana, agus an Ghearmáin. Glacfaidh na céadta scoileanna
agus clubanna óga páirt ann chomh maith trí Sheachtain na Gaeilge a eagrú ina
scoileanna fhéin. Tá sonraí na n-imeachtaí
ar fáil ar ár suíomh idirlín www.snag.ie Tá Seachtain na Gaeilge
Teo. mar aonad de Chonradh na Gaeilge agus páirtmhaoinithe ag Foras na Gaeilge. |